Sl Cholmcille 2006
Comhdháil air An Teanga & an Oidhreacht
1. Comhdháil air An Teanga & an Oidhreacht Dé Céadaoin 8 & Déardaoin 9 Márta 2006
2. Caint & ceolchoirm (cead isteach saor in aisce) 8.00pm Dé Céadaoin 8 Márta (cead isteach saor in aisce) Amhráin an Aigéin Atlantaí: Éirinn, Albain is Ceanada Margaret Bennett & Lillis Ó Laoire & Ceolchoirm le Lynette Fay, bean an ti, Tiarnán Ó Duinnchinn & a chairde.
Ionad don dá imeacht:
Caisleán Bhéal Feirste, Bóthar Aontroma, Béal Feirste.
Amharcóidh an chomhdháil seo ar phobail Ghaeilge in Éirinn, Albain agus in Eilean Mhanainn, agus ar an tírdhreach inar mhair siad agus ina maireann siad. Is é ábhar na comhdhála:
Cothaíonn Colmcille cumarsáid idir thraidisiúin na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Beidh páirt ag ionadaithe ó lucht Gaeilge Mhanann sa chomhdháil chomh maith.
Tógann Slí Cholmcille 2006 ar chomhdháil i mBealtaine 2004, a eagraíodh i bpáirt le Músaem Contae, agus le Comhairle Chontae Dhún na nGall. Beidh aird ar leith ag comhdháil 2006 ar bheartais phraiticiúla agus ar an áit atá ag an oidhreacht teanga sa turasóireacht chultúrtha. Beidh ionadaíocht láidir ó ghrúpaí pobail atá ag obair leis an oidhreacht agus an teanga. Tabharfaidh an chomhdháil agus tuairisc na comhdhála, bun do rianta do chuairteoirí agus do chláir ghníomhaíochta a nascann traidisiúin Ghaeilge na hÉireann agus na hAblan. Beidh ionadaithe ó Visit Scotland agus ó Bhord Turasóireacht Thuaisceart Éireann i láthair.
Mairfidh imeachtaí na comhdhála ó 9.15 ar maidin go dtí 5.00 tráthnóna ar an dá lá, agus beidh ceol agus amhráin Ghaeilge sa chaisleán oíche Chéadaoin an 8 Márta. Déanfar aistriúchán comhuaineach go Béarla ar chainteanna i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban.
Beidh táille de £10 ar an chomhdáil le costais lóin, tae agus caife a chlúdach.
I measc na gcainteoirí beidh:
Beidh páirt sa chomhdháil ag ionadaithe ó:
Eolas:
Maolcholaim Scott - + 44 (0) 28 90 238 293, ccille.ultach@cinni.org;
Mairi Macleod - + 44 (0)1851 870 264, mairi@yahoo.co.uk
Colmcille,
6 - 10 Sráid Uilliam,
Béal Feirste BT1 1PR
Eolas faoi lóistín:
Caiterina McGrattan - colmcille.caiterina@hotmail.co.uk.View English Translation: